We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

IDFC

by Corvid

/
  • Streaming + Download

    Includes high-quality download in MP3, FLAC and more. Paying supporters also get unlimited streaming via the free Bandcamp app.
    Purchasable with gift card

      name your price

     

lyrics

Is díreach focan cuma liomsa
Pé rud a cheapann tú fúm, is
Ná bí do mo ionsaí

Gan sciath mhór i d'aghaidh
le haghaidh do chosaint
Is mura bhfuil tú ag iarraidh do ghortú
Ná cuir orm tairscint!

Agus,
Is díreach focan cuma liomsa
Faoi bhréagadóir sotalach
Air an stáitse mar óinseach

Gan tionchar ón toiseach
Ardnósach is mórtasach
Ach, beidh mo dhán féin
Níos soiléire is spleodraí

Is ag deireadh an tsaoil
Beidh breithiúnas, leoga
Ardóidh m' anam arís
Mar phréachán cróga

Le lucht na droch-cháinte
Gan dóchas a n-anamacha laga

A shaoradh ó ghialla an chrogaill

A gcroí ar an mheá
Na déithe ag déanamh tomhais
An cleite bán na fírinne ann
Ag tabhairt bhfianais

Is pé rud a smaoin tú fúm
Beidh do phionós
Mar chlaíomh solais fríd do chorp
Ag loscadh le tine, agus...

Is díreach focan cuma liomsa
Pé rud a cheapann tú fúm
Is na bí do mo ionsaí

Gan sciath mhór i d'aghaidh
Le haghaidh do chosaint
Is mura bhfuil tú ag iarraidh do ghortú
Ná cuir orm tairscint

Agus,
Ná bac leis an amaideacht seo
Anois, fág an focan bealach
Agus rachaimid thall,

Trasna teorainneacha suaracha
Atá scríofa ag Gallaibh
Nuair a bhí ár sinnsir bocht
Ag maireachtáil ar an allas

Leis na malaí móra dubha
Thar súile cosúil le poill
Ró-dhomhain an bun a bhaint amach
Mura bhfuil tú féin dall

Fa choinne boladh bréan an domhain lofa
Searbhas an tsaoil
Claontacht na ndaoine deacra
Breoiteacht, bréantas, baol

Tá, cultúr fad an domhain
Ag seargadh gan mhoill
Nó leigheas ortha, cosúil le cearrbhach
Gan rud ar bith le díol

Fá choinne airgid a fháil
Son cluiche eile is cleasaí
Gan gliceas tar eis saoil fhada
'S an domhain ag teasaí

Is díreach focan cuma liomsa
Pé rud a cheapann tú fúm
Is na bí do mo ionsaí

Gan sciath mhór i do aghaidh
Le haghaidh do chosaint
Is mura bhfuil tú ag iarraidh do ghortú
Ná cuir orm tairscint

Agus ná bí do mo bhodradh
Le do fhuaimeanna gan chiall
A bhuachaillín dána
Le do ghuth mar thóin nocht ag scaoileadh

Cac milis, nach bhfuil sibh
Chomh scriosta le sin?
Daoine gan aon rud a labhairt faoi
Ach iad féin, is níl suim

Agam faoina gcogarnach sotalach
Ag stealladh go trom
As béal bocht, Sasanach
Gan binneas nó fonn

Thall amach, canablach
Baint do fhiacail as mo thóin
Ní bheidh cead ort riamh
An Posae Gléigeal a phósadh

Beidh na bos ag bualadh le chéile
Ach ní bheidh siad sámh
Tar éis tamaill éiríodh troid
Is beidh dornálaíocht ann

Do mhothúcháin tromchúiseach
Air do aigne go fóill
Mar chaip báis ar cheann an bhreithimh
Nuair a chrochfaidh sé giall

Le mí-rún mór na nGall
An oidhreacht atá ann
I gceann mo dhroch namhad
Ach bím i gcónaí calma

Is tréine in aghaidh a chogaidh
Thug mé grian is éasca dom
Go mbeadh bua againn go brách
Ar do easpa dea-fhoinn

credits

released September 11, 2021
Beat by K-Rec

license

all rights reserved

tags

about

Corvid Vancouver, British Columbia

An avid student of Celtic music and culture since birth, David James McCallum has hitch-hiked coast to coast and to the Yukon and back (twice). The son of a long line of gifted singers, poets, preachers and scholars, Corvid has honed his lyrical craft over two decades of travel and study. A proud father, and medicinal cannabis provider, Corvid currently resides in East Van. ... more

contact / help

Contact Corvid

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like Corvid, you may also like: